Fáilte chuig an gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil seo maidir leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar (EPR) le haghaidh Luas Chorcaí.
Is líne iarnróid éadroim mholta é Luas Chorcaí, ag rith idir Baile an Chollaigh agus Rinn Mhachan, ag nascadh príomhchinn scríbe mar shampla, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile Corcaí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Lár Chathair Chorcaí, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar Dugaí Chorcaí, An Charraigh Dhubh agus Machain.
Roghnaigh an Coimisiún Eorpach Corcaigh le bheith ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de. Cabhrófar an uaillmhian seo a bhaint amach i gCorcaigh le Luas Chorcaí, lena dtacófar leis an aistriú ó ghluaisteáin go hiompar poiblí agus taisteal gníomhach.
Sula bhforbraítear an dearadh, ba mhaith linn cloisteáil uaibhse. Faigh amach tuilleadh faoin tionscadal ar an suíomh gréasáin seo, freastal ar cheann dár laethanta oscailte nó tabhair cuairt ar an seomra fíorúil taispeántais. Ansin cloisimis uaibh ar thairseach chomhairliúcháin BIÉ.
Beidh an comhairliúchán ar siúl ón Luan 14 Aibreán 2025 go dtí an Luan 9 Meitheamh ag 5.30pm.
Is líne iarnróid éadroim é Luas Chorcaí a chruthóidh nasc nua iompair phoiblí ó Bhaile an Chollaigh go Machain. Is cuid lárnach de Straitéis Iompair Mhórcheantar Uirbeach Chorcaí (CMATS) é. Tá sé i gceist ag CMATS sraith de sheirbhísí iompair phoiblí a sholáthar freisin, ina measc sin BusConnects Chorcaí, feabhas ar an iarnród trom, bonneagar sábháilte rothaíochta agus siúil.
Ag Athrú na Cathrach ó Bhonn
Beidh Corcaigh ar an gcathair is sciobtha ó thaobh fáis de sna 20 bliain amach romhainn, agus táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú idir 50% go 60% ar an daonra. Tá ríthábhacht ag baint le tionscadail iompair phoiblí ardchaighdeáin ar nós Luas Chorcaí, chun athnuachan mhórscála a sholáthar, mar shampla forbairt Cheantar Dugaí Chathair Chorcaí – meastar go gcuirfear 20,000 teach nua agus beagnach 25,000 phost ar fáil ar fud an tsuímh 4.2 acra ag Cé Uí Chinnéide.
An chéad chathair in Éirinn atá neodrach ó thaobh carbóin de
Roghnaigh an Coimisiún Eorpach Corcaigh le bheith ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2030. Beidh Corcaigh ar cheann de 100 cathair a bheidh chun tosaigh i ngníomhú ar son na haeráide san Eoraip. Iompar is cúis le 30% de na gáis ceaptha teasa a astaítear in Éirinn, dá bharr sin ní mór an t-iompar a athrú ó bhonn, go mbeidh Corcaigh ina cathair chliste, neodrach ó thaobh carbóin de.
An Tírdhreach, an Bhithéagsúlacht, agus an Dearadh Uirbeach
De réir mar a fhorbraíonn Luas Chorcaí ón mBealach is Dealraithí a Roghnófar ina dhearadh mionsonraithe, forbrófar agus comhtháthófar na spásanna poiblí, na tírdhreacha áitiúla, na bealaí rothar, na háiteanna agus na naisc uilig leis an scéim, agus déanfar de réir na bprionsabal dearaidh ina léirítear meas ar an tírdhreach, ina bhfeabhsaítear an bhithéagsúlacht agus an ríocht phoiblí.
Taisteal Comhtháite
Éiríonn go maith leis an iompar poiblí nuair is féidir leis na paisinéirí aistriú go héasca ó mhodh amháin go modh eile. Cruthófar deiseanna aistrithe idir Luas Chorcaí agus na seirbhísí bus Expressway/Intercity ó Stáisiún Bus Chathair Chorcaí i bPlás Parnell agus iarnród trom agus Stáisiún an Cheanntaigh. Measadh cur i bhfeidhm ar bhonn céimneach leanúnach BusConnects Chorcaí mar aon le Luas Chorcaí.
Sábháilte agus deartha do chách
Tá “rochtain do chách” i gcroílár obair BIÉ. Cuirfidh Luas Chorcaí soilsiú sráide ar fáil ag stadanna agus bonneagar saor ó bhacainn agus ó chéimeanna ionas go mbeidh sé níos éasca orthu siúd a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, bagáiste nó gasúir óga i mbugaithe a bheith ag taisteal. Tá neart spáis sna tramanna le haghaidh naíchóistí dúbailte agus cathaoireacha rothaí, chomh maith le ráillí coinneála le haghaidh gasúr. Glactar le Cárta JAM ar an Luas. Ceadaíonn an Cárta JAM do dhaoine a bhfuil bacainn chumarsáide rompu a rá le daoine eile go dteastaíonn ‘Nóiméad Amháin’ uathu, go discréideach agus go héasca.
Amanna turais ar féidir brath orthu
Beifear in ann brath ar amanna turais Luas Chorcaí níos mó ná cineálacha eile taistil. Spreagfar daoine a gcuid gluaisteán a fhágáil ina ndiaidh leis seo, agus laghdófar an brú tráchta i gceantair, mar shampla, Wilton, Crois Victoria, An Charraig Dhubh agus Machain dá bharr sin. Beidh tuilleadh spáis ann d’fheithiclí éigeandála agus do thaisteal éigeantach, nuair a thagann laghdú ar líon na gcarranna i lár na cathrach. Freastalaíonn Luas Chorcaí EPR ar phríomhinstitiúidí tríú leibhéal – Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus College of Commerce – ag tabhairt deis don fhoireann agus do mhic léinn gan a bheith ag brath ar ghluaisteáin an oiread céanna agus aistriú chuig an iompar poiblí.
Páirceáil & Taisteal agus Mol Soghluaisteachta
Mar chuid den straitéis iompair trí chéile le haghaidh na páirceála agus taistil i gCorcaigh, sainaithníodh suíomhanna féideartha ar gach taobh de bhealach beartaithe Luas Chorcaí. Ceadóidh áis Páirceála & Taistil i mBaile an Chollaigh, lena n-áirítear páirceáil rothar, do chomaitérí ón N22 aistriú go dtí an Luas chun críoch a chur leis an turas isteach chuig Cathair Chorcaí. Chuirfeadh Mol Soghluaisteachta níos lú i Machain áiseanna breise ar fáil, mar shampla, páirceáil rothar, carr-roinnt, naisc chuig bonneagar áitiúil siúil agus rothaíochta, agus aistriú go dtí an Luas agus busanna araon.
Taisteal Gníomhach
Tógfar raonta rothar comhthreomhara feadh chodanna na líne iarnróid. In éineacht leis an bpáirceáil rothar, comhtháthófar Luas Chorcaí go maith le líonra rothaíochta Chorcaí atá ann anois agus atá beartaithe.
Baile an Chollaigh
Tosaíonn an bealach beartaithe i mBaile an Chollaigh, le lúb ráille aonair a thosaíonn ar Station Road.
Ar Station Road, taistealaíonn an tram ó thuaidh ar ráille aonair, agus taistealaíonn an trácht feithiclí aontreo ó dheas. Ar Phríomhshráid Bhaile an Chollaigh, taistealaíonn an tram soir, i dtreo amháin, ar ráille aonair tríd an mbaile. Idir Bóthar an tSeandúin agus Station Road, taistealóidh gluaisteáin i dtreo an iarthair amháin.
Ar aghaidh ó acomhal Bhóthar an tSeandúin leis an bPríomhshráid go dtí an taobh theas de Leo Murphy Road, tá dhá lána tráchta sa dá threo agus ráille aonair Luas ó dheas.
Ag an acomhal le Leo Murphy Road agus Killumney Road, téann an tram ar ais go dtí gnáthráillí dúbailte soir i dtreo lár na cathrach, fad agus a fhilleann an ráille aonair siar i dtreo Station Road. Beidh gá le roinnt tógála talún agus fáil réidh le roinnt spásanna páirceála do ghluaisteáin chun an scéim a sheachadadh.
Lúb Bhaile an Chollaigh
Radharc Phríomhshráid Bhaile an Chollaigh faoi láthair
Baile an Chollaigh go Wilton Road
Ar aghaidh ó acomhal Leo Murphy Road/Killumney Road, leanann EPR soir feadh Kilumney Road go dtí timpeallán Killumney Link East ar an N22, a chuirfear soilsí tráchta ann. Ansin, leanann sé ar aghaidh soir, ag rith in aice leis an iosta beartaithe agus leis an suíomh Páirceála & Taistil.
Ansin leanann sé ar aghaidh trí thalamh talmhaíochta, ar chonair scoite amach, chosanta, ar feadh timpeall 2.2km, go dtí go dtagann sé chomh fada le hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU). Nascann raon rothar comhthreomhar, dhá threo Glasbhealach Churraichín leis an gcosán ag an tSabhrainn ag deireadh na líne.
Isteach ar thalamh MTU le Luas Chorcaí, ag trasnú dhroichead na Sabhrainne agus ag taisteal in aghaidh an chnoic idir na páirceanna CLG agus an raon lúthchleasaíochta atá ann cheana, go dtí an stad beartaithe os comhair ionad riaracháin an champais ar Institute Road. Beidh soilsí tráchta ar thimpeallán Institute Road/Ascaill Rosa.
Casann an bealach isteach ar Bhóthar Melbourn. Roinnfear an ráille isteach leis an trácht i gcoitinne agus beidh an ráille amach á úsáid ag an tram amháin. Cuirfear lána tráchta scoite amach ag dul ó thuaidh ar fáil ar Bhóthar Melbourn freisin.
An aidhm atá againn leis an leagan amach beartaithe, nádúr fo-uirbeach an cheantair, a bhfuil crainn ar gach taobh de, a chaomhnú.
Ar cheann íochtarach Bhóthar Melbourn, téann an líne fiarthrasna trí cheantar glas i dtreo Bhóthar an Churraichín, go dtí an stad beartaithe, suite ar bhealach ina gcosnaítear na crainn fhásta agus an plandú chomh fada agus is féidir. Tá lánaí rothar ann feadh Bhóthar Melbourn go mbeidh sé nasctha go maith le MTU.
Ar aghaidh ó Bhóthar Melbourn, casann an bealach ar Bhóthar an Churraichín, ina scarfar cuid den ailíniú don tram amháin, agus roinnfear cuid leis an trácht i gcoitinne agus leis an busanna sa dá threo.
Beartaítear acomhail nua a chruthú, a bhfuil soilse tráchta ann, ina dtugtar tús áite don Luas feadh chodanna roinnte an bhóthair. Feadh na coda sin den EPR, beidh gá le roinnt tógála talún, ar an taobh ó thuaidh de Bhóthar an Churraichín den chuid is mó, chun éascaíocht a dhéanamh ar BusConnects agus Luas Chorcaí araon. Nuair is féidir, bainfear úsáid as an gconair in EPR le haghaidh Luas Chorcaí, a sholáthraítear mar chuid de BusConnects chun tús áite a thabhairt don iompar poiblí, ionas go n-íoslaghdófar an gá leis an mbóthar a leathnú amach sa cheantar.
Leanann an bealach beartaithe soir ar aghaidh ó Bhóthar an Churraichín, ag teacht chomh fada le Bóthar Bhaile an Easpaig, agus ag roinnt leis an trácht i gcoitinne go dtí Ospidéal na hOllscoile Corcaí/Ionad Siopadóireachta Wilton. Anseo, is féidir an bóthar a scaradh de bharr an bhóthair leathain atá ann cheana, le haghaidh an iompair go léir, ina measc sin an Luas, busanna, an trácht i gcoitinne, agus lánaí rothar. Scarfar an EPR feadh theorainn an ospidéil agus casfar ó thuaidh ag Timpeallán Wilton.
Éascófar aistrithe bus-go-Luas agus Luas-go-bus ag an aistriú iompair phoiblí anseo.
Tá timpeallán Wilton á uasghrádú chuig acomhal a bhfuil soilse tráchta ann le haghaidh BusConnects, agus beidh gá le roinnt leasuithe ar Luas Chorcaí ina dhiaidh sin.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Bhóthar Bhaile an Easpaig
Bóthar Wilton chuig Lár Chathair Chorcaí
Ar aghaidh ó acomhal Wilton nua, téann an EPR feadh bhóthar Wilton, trí Dennehy’s Cross chuig Crois Victoria, áit a chastar soir ar Bhóthar an Iarthair, i dtreo lár na cathrach. Ar Bhóthar an Iarthair, beidh ceithre lána ar an iomlán ann, mar a moladh le haghaidh BusConnects Chorcaí. An trácht i gcoitinne a bheidh ar an dá lána lárnacha, agus BusConnects/Luas ar an dá lána lasmuigh. Cinnteoidh córas tosaíochta nua ag na hacomhail a bhfuil soilse tráchta ann go ritheann cúrsaí tráchta go héifeachtúil ar an gcuid sin den chonair.
De réir mar a leanann an EPR trí Chrois Victoria agus ar Bhóthar an Iarthair, leanfaidh sé air ag roinnt chonair mholta BusConnects. Soláthrófar ceithre lána: dhá lána lárnacha le haghaidh an tráchta i gcoitinne i ngach treo agus dhá lána lasmuigh le haghaidh BusConnects/Luas. Tá gá le roinnt tógála talún breise feadh na coda seo den EPR, os cionn an mhéid is gá le haghaidh BusConnects, ar an taobh thoir de Bhóthar Chrois Victoria den chuid is mó.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Bhóthar an Iarthair
Feadh Bhóthar an Iarthair, glacfaidh an EPR leagan amach den chineál céanna go dtí an scéim mholta BusConnects, lena n-áirítear lánaí rothar feadh Shiúlán na Muirdíge.
Ar Bhóthar an Iarthair, ar aghaidh ó Chrois Victoria go Siúlán an Phríosúin, tá ceithre lána ann go mbeidh lána ar leith ann le haghaidh an bhus agus an Luas.
Tá leagan amach trí lána beartaithe ó Shiúlán an Phríosúin go bealach isteach COC ag acomhal Bhóthar Uí Dhonnabháin. Ón mbealach isteach chuig COC, cuirfear an trácht ar bhealach slí, i dtreo an tuaiscirt go dtí Bóthar na Mairdíge, agus leanfaidh Luas Chorcaí agus BusConnects ar aghaidh trí gheata iompair phoiblí go dtí Bóthar an Iarthair feadh dhá lána a ritheann sa dá threo. Ceadófar don trácht áitiúil an lána soir a úsáid le haghaidh rochtana.
Beidh lánaí rothar scoite ann trí lár na cathrach, agus iad comhoiriúnach do BusConnects agus forbraíodh i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí iad chun an tsábháilteacht agus an tréscaoilteacht go dtí agus tríd an gcathair a chinntiú le haghaidh rothaithe. Is féidir leo a bheith comhthreomhar leis an mbealach nó ar shráideanna in aice láimhe, ach nasctha leo. I roinnt ceantar i lár na cathrach, ag brath ar anailís mhionsonraithe bhreise – tá conair Luas saor ó shreanga agus ó chuaillí beartaithe.
Íoslaghdófar an tionchar ar an réimse poiblí dá bharr, beidh níos lú tranglaim ar na sráideanna agus beidh sé níos indéanta cathair ghlas a dhéanamh aisti.
Luas Chorcaí Lár na Cathrach
Mar a bhíonn le cathracha Eorpacha níos sine, bíonn dúshláin ar leith ann roimh thrasnú trí chroílár stairiúil lár na cathrach. Caithfidh an tram freastal ar chroílár na cathrach, agus an tionchar a bhíonn ar fhoirgnimh atá íogair ó thaobh struchtúir de a íoslaghdú, chomh maith leis an tsráid-dreach máguaird.
Sráid Phádraig go Stáisiún an Cheanntaigh
Trasnaíonn an Bealach is Dealraithí a Roghnófar atá beartaithe lár na cathrach via Sráid Phádraig, Sráid Mhic Curtáin agus Stáisiún an Cheanntaigh, le stad tram i ngach ceann de na suíomhanna sin. Ag leanúint ar aghaidh ó Shráid Washington, castar ar chlé go dtí Sráid an Chapaill Bhuí i dtreo Shráid Phádraig. Tá sé beartaithe go mbeidh iompar poiblí amháin ar an gconair den chuid is mó, chomh fada le Saint Patrick’s Bridge, agus ceadófar seirbhísiú na sráide go pointe.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Shráid Phádraig
Tá sraith lúb teann ann, a gcaithfidh feithiclí Luas a mbealach a dhéanamh tríothu, agus roinnt caolas bóthair/ cosáin ar chúinne Shráid Washington/an Chapaill Bhuí agus ag acomhal Shráid Phádraig/an Chapaill Bhuí, le tionchar féideartha ar an bhfoirgneamh ar an gcúinne “Finn’s Corner”, ag brath ar dhearadh mionsonraithe breise.
De réir mar a fhorbraítear an dearadh, tiocfar ar réitigh chun líonra rothar comhtháite, tréscaoilteach a chinntiú i lár na cathrach, agus Sráid Washington/ an Chapaill Bhuí chomh maith leis an acomhal ar Shráid Phádraig á seachaint san am céanna.
Beidh sráid do choisithe amháin ar Daunt’s Square, agus ní thabharfar rochtain d’fheithiclí ar Daunt’s Square/Sráid Phóil ón deisceart níos mó.
Ar Shráid Phádraig, leanann an bealach ar aghaidh soir, cosáin leathana agus sráid-dreach an spáis phoiblí thábhachtaigh seo i gcroílár na cathrach i gcónaí. Ag trasnú St Patrick’s Bridge agus ar Shráid Mhic Curtáin, roinntear an bealach le busanna agus leis an trácht i gcoitinne ag dul soir, agus na busanna amháin ag dul siar.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Shráid Mhic Curtáin
Mar atá le sráideanna eile feadh an bhealaigh, beidh gá le hoibreacha a dhéanamh ar Shráid Phádraig agus ar Shráid Mhic Curtáin chun freastal ar na ráillí Luas nua, lena n-áirítear atreoruithe fóntais agus leasuithe ar línte colbhaí agus ar chosáin.
Leanann an bealach ar aghaidh ón acomhal le Bóthar Ghleann Maghair Íochtarach, i dtreo Stáisiún an Cheanntaigh via Sráid Ailfrid, ag roinnt le busanna ag dul soir. Comhtháthófar stad Luas leis an mbealach isteach nua beartaithe ar chúl Stáisiún an Cheanntaigh, ionas go mbeidh sé níos éasca aistriú ó sheirbhísí comaitéireachta agus líne iarnróid idirchathrach, busanna, agus áiseanna aistrithe eile.
Ansin taistealaítear ó dheas ar an EPR, ar dhroichead iompair phoiblí nua thar an Laoi ó Ché Uí Argáin go dtí na dugaí theas ar Furlong Street.
Cé Uí Chinnéide go Páirc Uí Chaoimh
Trasna an droichid iompair phoiblí nua thar an Laoi, leantar ó dheas feadh Furlong Street, sula gcastar soir ar Bhóthar na Páirce Láir, áit a mbeidh na ráillí go hiomlán scoite amach ón trácht eile. Beidh gá le roinnt talún a fháil ag suíomh Southern Milling.
Beidh an EPR comhoiriúnach don Mheasúnú Iompair Áitbhunaithe Dugaí Theas agus comhtháthófar le Forbairt na nDugaí amach anseo é, ag cruthú sráid-dreach mealltach le haghaidh an iompair phoiblí, an taistil ghníomhaigh agus rochtana ar na dugaí agus ar an Muiríne. Is éard a bheidh i gceist leis an leagan amach beartaithe anseo: ailíniú Luas scoite amach ar chonair féir, carrbhealach bóthair dhá threo agus rotharbhealaí agus cosáin dhéthreocha. Trí bhainistíocht aibhinní agus tírdhreachú cúramach, tá sé beartaithe feabhas a chur ar aibhinne a bhfuil crainn ar gach taobh de ar Bhóthar na Páirce Láir agus ar shuíomh na Muiríne.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Pháirc Uí Chaoimh
Ag acomhal Bhóthar na Páirce Láir/Marquee Road, casann an EPR ó dheas sula mbaintear Bóthar Uí Mhuineacháin amach, áit a ritheann an bealach feadh theorainn theas Pháirc na Muiríne a tógadh le deireanaí.
Beidh cuid de Bhóthar Uí Mhuineacháin ailínithe ó dheas chun spás a dhéanamh le haghaidh chonair Luas, agus srian a chur san am céanna ar an tionchar féideartha ar Pháirc na Muiríne a tógadh le deireanaí agus na crainn fhásta sa cheantar.
I ndiaidh Bóthar Uí Mhuineacháin a thrasnú, rachaidh an chonair Luas go taobh theas an bhóthair, agus tá stad Luas beartaithe ag an suíomh seo, le leagan amach trí ráille chun freastal ar an staid agus éascaíocht a dhéanamh ar chasadh siar féideartha na seirbhísí i dtreo lár na cathrach le linn uaireanta seachbhuaice.
Mar thoradh ar an leagan amach trí ráillí atá beartaithe, beidh toilleadh níos airde ag seirbhísí Luas nuair a bheidh imeachtaí móra ar siúl i bPáirc Uí Chaoimh. Tá gá le roinnt tógála talún ag an suíomh seo chun éascaíocht a dhéanamh ar stad beartaithe agus fána an ailínithe ráillí ó Ché Uí Argáin go dtí na dugaí theas ar Bhóthar an Mhuilinn.
Páirc Uí Chaoimh go dtí Rinn Mhachan
Ó Pháirc Uí Chaoimh, téann an EPR ó dheas ar Bhaile Mhuire, suas cnoc crochta chun teacht chomh fada leis an acomhal le Bóthar na Dúcharraige, ag roinnt leis an trácht rochtana áitiúla amháin. Tá gá le hoibreacha athghrádánaithe ar thaobh íochtarach Bhaile Mhuire, ionas gur féidir leis na seirbhísí Luas feidhmiú feadh na coda sin den bhealach. Ansin trasnaíonn an EPR Bóthar na Dúcharraige go dtí Lána na Reilige, áit a mbeidh gá le roinnt tógála talún chun an t-ailíniú a éascú. Ina measc sin, tá, leagan go talamh an Venue Bar, séadchomhartha Bhaile an Teampaill a bhfuil an-chlú air. Tá sé beartaithe an suíomh cúinne seo a chur ar ais mar a bhí, mar chuid de na hoibreacha, chun stádas Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (ACA) an bhaile a choinneáil.
Leanann an EPR ar aghaidh ó dheas ar Lána na Reilige, ag roinnt leis an trácht i gcoitinne, a cheadófar le haghaidh rochtain áitiúil amháin, go dtí acomhal Lána na Reilige/ Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh. Athlonnófar an pháirceáil sráide atá ar Lána na Reilige – roinnt ar Lána na Reilige é féin agus roinnt ar chúl Lána na Reilige, ag an mbealach isteach chuig Eastát Ashcroft.
Ar aghaidh ó acomhal Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh, tá deis ann an EPR a scaradh amach go pointe ar an mbóthar níos leithne, lána ó thuaidh a bheith ann don trácht i gcoitinne agus bonneagar rothaíochta agus le haghaidh coisithe a sholáthar. D’fhéadfaí tionchar a bheith ar theorainn an chairéil ag an suíomh seo agus déanfar an t-athchóiriú tírdhreacha agus an t-athdheisiú ar shuíomh nádúrtha an chairéil a mheas go cúramach.
Ar thaobh theas Lána na Reilige, casann an EPR soir go dtí Bóthar na Sceiche Airde. Beartaíodh leagan amach ceithre lána ar Bhóthar na Sceiche Airde go dtí an t-am sin, i gConair Iompair Inbhuanaithe BusConnects (STC) J.
Beidh gá le codanna beaga tógála talún chun an scéim bheartaithe a chur i bhfeidhm go rathúil, i dtreo thaobh thoir Bhóthar na Sceiche Airde. Ag acomhal Ascaill na Dúcharraige, fágann an EPR Bóthar na Sceiche Airde agus casann sé ó dheas go dtí Mahon Link Road, áit a rithfear an t-ailíniú ar ráille scoite amach ar an taobh thiar den bhóthar, comhthreomhar leis an nGlasbhealach atá ann cheana. Coinneofar an colbha, a bhfuil crainn ar gach taobh de, ar thaobh thiar Mahon Link Road.
Glacfar leagan amach dhá lá ar thaobh thoir an EPR le haghaidh an tráchta i gcoitinne, a mbeidh roinnt tógála talún ann mar thoradh air, chomh maith le hathphlandú feadh theorainneacha na n-áitreabh thoir.
Radharc táscach de Luas Chorcaí trí Bhóthar na Sceiche Airde
Leanfaidh an EPR ar aghaidh ó dheas, ag leanúint an ailínithe bhóthair go dtí an stáisiún ceann aistir atá beartaithe, soir ó thuaidh ó acomhal Mahon Link Road/City Gate. Soláthrófar áiseanna rothaíochta agus le haghaidh coisithe atá scoite amach feadh Mahon Link Road, go dtí an stáisiún ceann aistir, ina mbeadh Mol Soghluaisteachta féideartha beartaithe ag cur deiseanna aistrithe iompair chun cinn idir gluaisteán príobháideach, iompar poiblí, agus úsáideoirí an taistil ghníomhaigh, agus á bhfeabhsú.
Nuashonrófar an t-acomhal Mahon Link Road/City Gate mar chuid de thograí BusConnects, ag soláthar áiseanna feabhsaithe le haghaidh coisithe agus rothaíochta agus nasc níos fearr le hIonad Siopadóireachta Rinn Mhachan.
Táimid tiomanta do phróiseas comhairliúcháin atá dáiríre, leanúnach agus teagmháil a dhéanamh le gach duine a bhfuil tionchar ag an togra seo air. Ba mhaith linn a fháil amach céard iad na fadhbanna agus cén chaoi ar féidir linn dul i ngleic leo i gceart.
Cuirfear bonn eolais faoin dearadh nua le d’eolas áitiúil agus cabhrófar linn feabhas a chur ar an scéim agus a chinntiú go n-éiríonn léi.
Dé Luain, 28 Aibreán 2025 - 12 meán lae go dtí 8pm
Kingsley Hotel Crois Victoria.
Dé Máirt, 29 Aibreán 2025 - 12 meán lae go dtí 8pm
Páirc Uí Chaoimh, Corcaigh.
Dé Máirt, 6 Bealtaine 2025 - 12 meán lae go dtí 8pm
Metropole Hotel, Sráid Mhic Curtáin, Corcaigh.
Cláraigh ar thairseach chomhairliúcháin BÉI agus
déan aighneacht*Ar mhaithe le heispéireas oscailte agus trédhearcach comhairliúcháin a chur ar fáil, foilseofar gach aighneacht, ainmneacha iad siúd a dhéanann iad san áireamh, ar líne a luaithe a dhéanfaidh foireann Luas Chorcaí iad a athbhreithniú agus a phróiseáil. Déanfaimid na tuairimí a fhaighimid a athbhreithniú agus a chur san áireamh a luaithe a dhúnfar an comhairliúchán ar an mBealach is Dealraithí a Roghnófar. Roinnfimid achoimre ar conas a chabhraigh d’aiseolas linn ár bplean a mhúnlú ag an gcéad chéim eile den phróiseas forbartha dearaidh.
Is é an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí ná Dé Luain 9 Meitheamh ag 5.30pm
*Más mian leat d’aighneacht a dhéanamh i nGaeilge, dean teagmháil linn ar info@luascork.ie
Tríd an bPost bPost Luas Chorcaí, Bonneagar Iompair Éireann, Bosca Oifige Poist 13605, An tOileán Beag, Corcaigh
Teileafón 1800 777 321
Tá ár líne theileafóin ar oscailt 24 uair an chloig sa lá. Má fhágann tú teachtaireacht, beidh sé d’aidhm againn glaoch ar ais ort idir 9:30am agus 5pm an chéad lá oibre eile.