LUAS Cork introductory banner

Fáilte go Luas Chorcaí

Fáilte chuig an gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil seo maidir leis an mBealach Roghnaithe do Luas Chorcaí. Is é atá i gceist le Luas Chorcaí ná líne iarnróid éadroim atá molta a rithfidh ó Bhaile an Chollaigh go hIonad Siopadóireachta Mahon Point, ag nascadh pobail agus cinn scríbe thábhachtacha amhail Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, lár na cathrach, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar na nDugaí, Páirc Uí Chaoimh, an Dúcharraig agus Machain.

Dúnfar an comhairliúchán ag 5.30in Dé hAoine, an 12 Meitheamh 2026

Bí páirteach linn freisin ar cheann de ár laethanta oscailte chun líníochtaí a fheiceáil agus áit a mbeidh foireann an tionscadail ar fáil chun do chuid ceisteanna a fhreagairt.

Is féidir leat gach rud a fhoghlaim faoin mbealach anseo agus a fháil amach conas do thuairim a thabhairt.

Radharc táscach ar chearnóg Daunt

Date Location Time
06/05/2026 Óstán Kingsley 12:00pm - 8:00pm
07/05/2026 Páirc Uí Chaoimh 12:00pm - 8:00pm
12/05/2026 Ionad na Carraige, Baile an Chollaigh 12:00pm - 8:00pm
13/05/2026 Óstán Metropole 12:00pm - 8:00pm

Cad atá i Luas Chorcaí?

Roghnaithe do Luas Chorcaí. Is é atá i gceist le Luas Chorcaí ná líne iarnróid éadroim atá molta a rithfidh ó Bhaile an Chollaigh go hIonad Siopadóireachta Mahon Point, ag nascadh pobail agus cinn scríbe thábhachtacha amhail Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, lár na cathrach, Stáisiún an Cheanntaigh, Ceantar na nDugaí, Páirc Uí Chaoimh, an Dúcharraig agus Machain.

Tá sé réamh-mheasta go bhfásfaidh daonra Chorcaí faoi 50 faoin gcéad thar na 20 bliain atá romhainn. Tá Luas Chorcaí bunriachtanach le haghaidh fás inbhuanaithe a éascú. Laghdófar trácht agus astaíochtaí carbóin leis, cuirfear deiseanna tithíochta ar fáil agus méadófar poist agus cruthófar cathair phléisiúrtha, insiúlta ina mbeidh daoine in ann cur fúthu.

Tabharfaidh Luas Chorcaí daoine chuig obair, chuig oideachas, chuig cúram sláinte, agus chuig imeachtaí spóirt agus cultúrtha ar bhealach atá éifeachtúil, compordach agus iontaofa. Tá Luas Chorcaí ina chuid lárnach de Straitéis Iompair Mhórcheantar Chorcaí (CMATS) lena gcuirfear iompar comhtháite poiblí ar fáil lena n-áireofar BusConnects, feabhsuithe ar iarnród trom agus bonneagar rothaíochta agus siúil atá sábháilte.


Príomhbhuntáistí

An Comhairliúchán maidir leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar

Tá tuarascáil mhionsonraithe ar na haighneachtaí a rinneadh le linn an chomhairliúcháin sa bhliain 2025 ar fáil ag www.luascork.ie. Seo a leanas ár bhfreagairt ar roinnt de na ceisteanna is coitianta.

Bhí tionchar an EPR ar Lána na Reilige/Bhaile an Teampaill ina ábhar de go leor cúiseanna imní a ardaíodh ag cónaitheoirí agus ag gnólachtaí sa cheantar..

Rinneamar iniúchadh ar bhealaí malartacha lena ligfí dúinn cinn scríbe thábhachtacha a bhaint amach agus an caolas ag Lána na Reilige a sheachaint. Ba í an rogha eile is mó a bhí indéanta ná chun dul ar ais chuig an mbealach molta i CMATS, agus ba é sin an Glasbhealach. Cé go mbaineann loighic áirithe le tram a thabhairt síos líne iarnróid, mar a bhí ann ar dtús, tar éis scrúdú nach beag a dhéanamh, shocraíomar go raibh an iomarca tionchar diúltach ag baint leis an rogha eile sin chun í a chosaint.

Is iad sin:

  • Trí bhogadh chuig an nGlasbhealach, freastalófar ar líon níos lú paisinéirí.
  • Athrófar carachtar an Ghlasbhealaigh agus ní bheadh aon dul siar air sin. Bheadh teorainn ar spás in áiteanna áirithe do na mílte duine a bhaineann sult as áilleacht nádúrtha na taitneamhachta sin.
  • Tá éifeachtaí ionchasacha ann maidir le bithéagsúlacht an Ghlasbhealaigh, droichid stairiúla agus struchtúir an iarnróid.
  • Bheadh tógáil an trambhealaigh thar a bheith dúshlánach mar gheall ar phríomhphíobáin gháis ardbhrú agus príomhdhraenáil chaidéalaithe.
  • Bheadh ailíniú leis an nGlasbhealach teoranta do shocrú líne amháin, rud a chruthaíonn srianta oibríochtúla agus srian ar acmhainneacht amach anseo.

Gan an rogha eile sin, is é an bealach is indéanta ionas go n-oibreoidh Luas Chorcaí ná chun dul suas Lána na Reilige. Is é sin an dóigh is fear chun freastal ar an gcathair iomlán agus ar a daonra uile. Táimid tiomanta d’oibriú go handlúth le cónaitheoirí agus gnólachtaí áitiúla chun an tionchar a íoslaghdú.

Bhain líon nach beag aighneachtaí leis an moladh chun lúb aontreo a chruthú trí Bhaile an Chollaigh bealach Bhóthar an Stáisiúin agus Bhóthar Leo Murphy. Mhol go leor daoine gur cheart an EPR a bhogadh níos faide siar, agus ceantar an bhealaigh a leathnú chun tithíocht atá ann cheana, tithíocht amach anseo agus tionscail mhóra a chuimsiú. Bhí an tionchar ar Bhóthar an Stáisiúin ina ábhar imní maidir le hinrochtaineacht - go háirithe ag amanna fágála leanaí ag scoileanna.

Tá an Bealach Roghnaithe á bhogadh níos faide siar chomh fada le Bóthar Flynn, rud a dhéanfaidh ceantar an bhealaigh a leathnú. Idir an dá linn, níl an cás i bhfabhar dul chomh fada le Dell Technologies láidir go leor, ach ní chuirtear bac air sin sa todhchaí sa dearadh. Tá Bóthar an Stáisiúin fós san áireamh leis an mbealach atá molta, ach tá roinnt athruithe déanta againn chun rochtain a fheabhsú. Rachaidh trácht i ndá threo anois a fhad le Páirc na Feá (nuair a thaistealaítear ó dheas de Bhóthar an Stáisiúin) agus mar thoradh ar athruithe eile, íoslaghdófar an tionchar ar Eaglais Naomh Mhuire agus Naomh Eoin. Rinneamar leagan amach an bhóthair a fheabhsú freisin chun cosáin a chur ar fáil ar dhá thaobh an bhóthair.

Chuir cónaitheoirí ar Bhóthar Melbourn agus ar Bhóthar an Churraichín a n-imní in iúl faoi phlódú tráchta atá ann cheana féin a dhéanfar níos measa ag Luas.

Tarlaíonn an t-athrú is mó ón EPR go dtí an mBealach Roghnaithe ag ceann tuaisceartach Bhóthar Melbourn. Seachas leanúint ó dheas ar Bhóthar Melbourn agus ar aghaidh go Bóthar an Churraichín, casfaidh an bealach soir agus rithfi dh sé in aghaidh an aird thar Phobalscoil Bhaile an Easpaig, Plásóg Bhaile an Easpaig, CLG Bhaile an Easpaig, Club Rugbaí an Ghoirt Aird, Coláiste an Spioraid Naoimh, Clochar Cholm Cille agus ansin trí champas Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (CUH).

Déanfar agaí turais a ghiorrú ar bhonn suntasach de bharr an bhealaigh nua agus feabhsófar iontaofacht Luas feadh na líne iomláine. Cuirtear rochtain shármhaith ar fáil leis ar na scoileanna agus ar na clubanna spóirt agus laghdóidh sé plódú tráchta sa cheantar. Trí rochtain dhíreach isteach in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh, cuirfear rogha tharraingteach eile ar fáil don fhoireann, d’othair agus do chuairteoirí. Déanfaidh TII teagmháil dhíreach leis na clubanna, leis na scoileanna agus le hOspidéal na hOllscoile, Corcaigh, maidir le sonraí an togra sin chun an tionchar ar a gcuid tailte a íoslaghdú agus na tairbhí dóibh a uasmhéadú.

Léirigh an pobal i gcoitinne, príomhpháirtithe leasmhara agus ionadaithe tofa an- acaíocht do Luas Chorcaí agus thug go leor acu moltaí maidir le síneadh an bhealaigh mholta i ngach treo: ó dheas go dtí an t-aerfort, go Dúglas, Carraig Uí Leighin agus Baile an Róistigh, siar go Classis Lake agus na hUamhanna, agus ó thuaidh go Gleann Maghair, Cnoc an Chuilinn agus an Linn Dubh.

Bealach Roghnaithe Luas Chorcaí

Léarscáil bealaigh is fearr leat

Baile an Chollaigh go hOllscoil Teicneolaíochta na Mumhan

Tosaíonn an Bealach Roghnaithe atá molta i mBaile an Chollaigh. Mar athrú ar an EPR, tosaíonn sé ag acomhal Bhóthar Charraig an Earra/Bhóthar an Stáisiúin i lúb riain aonair a ritheann go Bóthar an Chaisleáin, Bóthar Flynn, Príomhshráid Bhaile an Chollaigh (Príomhbhóthar/Bóthar Charraig Ruacháin) sula gcasann sé ó dheas ar Bhóthar an Stáisiúin. Críochnaítear an lúb ansin, agus leanann an líne soir ar shocrú líne dúbailte níos gnáthaí.

Tá an tram scartha a bheag nó a mhór ón trácht ghinearálta trí Bhaile an Chollaigh, ach tá Bóthar an Stáisiúin á roinnt aige le trácht ó dheas. Beidh rochtain ag trácht ghinearálta ar Pháirc na Feá/ Barley Grove ón bPríomhshráid agus ó Bhóthar Charraig an Earra ach ní bheidh aon tréthrácht ó thuaidh ann. Cuideofar le plódú tráchta sa tsráidbhaile a laghdú trí chuid den trácht a atreorú ar Bhóthar an tSeandúin.

A luaithe agus a bheidh sé ar ais ar Bhóthar Charraig an Earra, ag bun Bhóthar an táisiúin, rachaidh an tram soir ar shocrú riain dhúbailte trasna an N22 i dtreo MTU. I gcomhréir leis an mBealach is Dealraithí a Roghnófar (EPR), tá saoráid Iosta Páirceála agus Taistil molta do 1,000 feithicil áit a bhfuil talamh feirme ann faoi láthair, díreach soir ón N22 agus siar ó Bhóthar na Claise. Déanann raon rothar dhá bhealach comhthreomhar ó Bhaile an Chollaigh ceangal le Glasbhealach an Churraichín ag ceann Abhainn na Sabhrainne den stráice sin den bhealach.

Radharc táscach ar Bhaile an Chollaigh

Radharc táscach ar MTU (Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan)


Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan go Bóthar Wilton

Leanann an Bealach Roghnaithe ar aghaidh trí champas Ollscoil Teicneolaíochta na umhan ar Ascaill Rosa. Leanann sé ó dheas ar Bhóthar Melbourn. Casann sé soir agus ritheann sé in aghaidh an aird thar Phobalscoil Bhaile an Easpaig, Plásóg Bhaile an Easpaig, CLG Bhaile an Easpaig, Club Rugbaí an Ghoirt Aird, Coláiste an Spioraid Naoimh, Clochar Cholm Cille agus ansin trí champas Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh (CUH).


Bóthar Wilton go Sráid Washington

Ó CUH (Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh), téann an bealach feadh Bhóthar Bhaile an Easpaig agus Bhóthar Wilton i dtreo Crois Uí Dhuineacha agus Crois Victoria, ag casadh soir ar Bhóthar an Iarthair i dtreo lár na cathrach. Mar athrú ar an EPR, tá stad breise á chur ar fáil ag Crois Victoria chun freastal ar chónaitheoirí agus ar shaoráidí caithimh aimsire agus ospidéil ar bhonn níos fearr thart ar acomhal Charraig Ruacháin le Crois Victoria. Tá stad Choláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), á bhogadh níos gaire do phríomhgheataí UCC ag Bóthar Uí Dhonnabháin chun inrochtaineacht ar an gcampas a fheabhsú.

Radharc táscach ar Luas Chorcaí trí Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh

Radharc táscach ar Luas Chorcaí ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh


Sráid Washington go Cé Uí Chinnéide

Ó Shráid Washington go Stáisiún an Cheanntaigh, níl athrú ar bith ar an mbealach ón EPR – agus é ag leanúint ar aghaidh trí Shráid Phádraig, trí Shráid Mhic Curtáin agus trí Stáisiún an Cheanntaigh, agus stad tram ag gach ceann de na láithreacha sin. Beidh an stad ag Stáisiún an Cheanntaigh comhtháite leis an bpointe aistrithe iompair phoiblí atá molta ag cúl an stáisiúin lena ligfear d’aistriú idirmhódúil go seirbhísí iarnróid comaitéireachta agus idirchathracha, busanna agus saoráidí rothaíochta. Beidh sonraí an stad sin faoi réir próiseas dearaidh ilpháirtí a chuirfear i bhfeidhm sa chéad chéim eile.

Radharc táscach ar Luas Chorcaí trí Shráid Washington

Radharc táscach ar Luas Chorcaí trí Shráid an Droichid

Taistealaíonn an Bealach Roghnaithe ina dhiaidh sin ó dheas ar dhroichead iompair phoiblí nua trasna na Laoi ó Ché Uí Argáin go dtí ceantar na ndugaí theas. Bhíomar i mbun teagmhála le hionadaithe an phobail mhuirí maidir leis an tionchar a bheidh ag an droichead nua sin ar ghníomhaíocht ar an abhainn agus leanfaimid de bheith i dteagmháil leo faoin tsaincheist sin. Bímid i dteagmháil le Comhairle Cathrach Chorcaí freisin chun a chinntiú go ndéantar forbairt níos leithne cheantar na ndugaí a dhearadh i gcomhar le straitéis chomhtháite iompair agus forbartha do Cheantar na nDugaí i gCorcaigh agus mar chuid den straitéis sin.

Cé Uí Chinnéide go Páirc Uí Chaoimh

Leanann an bealach ó dheas sula gcasann sé soir ar Bhóthar na Páirce Láir, áit a ndéanfar na rianta a scaradh ina n-iomláine ón trácht eile. Le stad breise ag Ceantar na nDugaí, freastalófar ar fhorbairt amach anseo de 20,000 teach nua agus beagnach 25,000 post.

Ag acomhal Bhóthar na Páirce Láir/Bhóthar Marquee casann an líne ó dheas sula mbaineann sé Bóthar Uí Mhuineacháin amach, áit a ritheann sé feadh theorainn dheisceartach Pháirc na Muiríne a forbraíodh le déanaí. Aistríodh stad Pháirc Uí Chaoimh agus rinneadh é a bheachtú chun ligean do chúrsáil agus deighilt níos fear sluaite agus chun aisfhilleadh an tram a éascú.


Páirc Uí Chaoimh go Bóthar an Bhóithrín Mheánaigh

Ó Pháirc Uí Chaoimh, ritheann an líne ó dheas ar Bhóthar Bhaile Mhuire, suas an fhána chomh fada le hacomhal Bhóthar na Dúcharraige, agus roinntear an bealach le trácht rochtana áitiúla do chuid den bhealach. Leanann sé in aghaidh an aird ar Lána na Reilige agus an bealach á roinnt le trácht ó dheas a fhad le hacomhal Lána na Reilige/Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh, ach é scartha ó thuaidh. Déanfar páirceáil sráide atá ann cheana ar Lána na Reilige .

a aistriú nuair is féidir - lena n-áirítear laistigh d’Eastát Chroit na Fuinseoige. Cuirfear malairtí slí i bhfeidhm go háitiúil mar chuid de phlean bainistíochta tráchta don cheantar mórthimpeall.

 

Radharc táscach ar Luas Chorcaí ag Lána na Reilige

Radharc táscach ar Luas Chorcaí ag Bóthar Ceangail Mhachan

Bóthar an Bhóithrín Mheánaigh go hIonad Siopadóireachta Mahon Point

Ó acomhal Bhóthar an Bhóithrín Mheánaigh, ritheann an líne taobh leis an gcolbha, agus í scartha go príomha ón trácht ghinearálta agus beidh ardáin fhiartha ag Cairéal Beaumont agus ag Club Rugbaí Cork Constitution. Téann sí ar aghaidh ansin feadh Bhóthar na Sceiche Airde agus téann sé soir agus stad suite ag an acomhal le Bóthar an Tobair. Cuirtear ardán fiartha ar fáil in ionad láthair stad Ghleann na Coille a bhí ann roimhe sin, agus iarmhairtí ar chabhsáin phríobháideacha á seachaint. Beidh ardán stad an treo thiar Luas suite ag Garrán na Coille Brice agus beidh ardán stad an treo thoir suite ag Bóthar Ghleann na Coille.

Ansin leanann an Bealach Roghnaithe ar aghaidh ar Bhóthar na Sceiche Airde, sula gcasann sé ó dheas ar Bhóthar Ceangail Mhachan. Roinnfidh socrú taobh colbha an bealach le busanna a fhad leis an stad cinn aistir ag Ionad Siopadóireachta Mahon Point.

Tairbhí Luas Chorcaí

Todhchaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de

Tá tionscadail iompair phoiblí ardchaighdeáin, cosúil le Luas Chorcaí, ríthábhachtach maidir le tithíocht a chur ar fáil, amhail Ceantar Dugaí Chathair Chorcaí a fhorbairt, a bhfuil súil leis go soláthrófar 20,000 áit chónaithe nua agus beagnach 25,000 post leis an bhforbairt.

Roghnaigh an Coimisiún Eorpach Corcaigh le bheith ar cheann de na chéad chathracha san Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2030. Astaítear níos mó ná 20 faoin gcéad de gháis ceaptha teasa in Éirinn leis an iompar, agus mar sin, tá bunathrú an iompair ríthábhachtach chun Corcaigh a dhéanamh ina cathair chliste atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Agaí turais iontaofa

Le Luas Chorcaí, cuirfear agaí turais níos iontaofa ar fáil ná modhanna taistil eile. Leis sin, spreagfar daoine chun a gcarranna a fhágáil ina ndiaidh, agus cruthófar spás d’fheithiclí éigeandála agus do thaisteal bunriachtanach. Le Luas Chorcaí, cuideofar le plódú a laghdú sa chathair, agus rogha á cur ar fáil agus ligfear do dhaoine timaistir fhada agus turais neamhiontaofa, strusmhara a sheachaint.

Taisteal Comhtháite

Le Luas Chorcaí, cruthófar deiseanna aistrithe le seirbhísí bus réigiúnacha agus idirchathracha ó láithreacha éagsúla sa chathair, lena n-áirítear Stáisiún Bus Chathair Chorcaí ag Plás Parnell, trí dhroichead coisithe Mary Elmes ó Shráid Mhic Curtáin. Déanfar aistriú le seirbhísí idirchathracha agus iarnróid chomaitéireachta ag Stáisiún an Cheanntaigh, agus breithníodh feidhmiú céimneach leanúnach BusConnects Chorcaí mar aon le Luas Chorcaí chomh maith.

Mol Páirceála agus Taistil agus Soghluaisteachta

Mar chuid den straitéis iompair níos leithne maidir le hiompar comhtháite i gCorcaigh, cuirfear deiseanna ar fáil ar fud an bhealaigh do dhaoine chun aistriú go héasca ar Luas. Tá láthair páirceála agus taistil le 1,000 spás molta ag Bóthar na Claise chun comaitéirí ón N40 agus ón N22 a chumasú aistriú ón gcarr go Luas. Leis an bpointe aistrithe P&T sin áireofar páirceáil shlán do rothair, seastáin do chomharscéimeanna rothar, agus spásanna fágála paisinéirí do thacsaithe agus do charranna.

Tá Mol Soghluaisteachta níos lú molta don stad cinn taistil ag Ionad Siopadóireachta Mahon Point, rud a dhéanfaidh pointe aistrithe a éascú idir busanna agus Luas, agus lena soláthrófar spásanna fágála paisinéirí do thacsaithe agus do charranna, páirceáil shlán do rothair agus seastáin do chomharscéimeanna rothar, chun daoine ón gceantar máguaird a nascadh le Luas.

Sábháilte agus deartha do chách

Le tramanna, cuirtear rochtain saor ó chéimeanna ar fáil do phaisinéirí, ag ligean do phaisinéirí a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu, a bhfuil bagáiste nó bugaithe acu, siúl isteach agus amach go furasta. Oibreoimid chun a chinntiú go mbeidh dearadh uilíoch agus inrochtaineacht ag croílár ár gcuir chuige maidir le dearadh.

An réimse poiblí, an tírdhreach agus taisteal gníomhach

D’fhéadfadh tairbhe bhreise dhearfach a bheith ag baint le córas tram ardchaighdeáin maidir le sráid-dreacha agus an réimse uirbeach. Is deis í chun spásanna sóisialta a chruthú, chun ábhair bháúla a úsáid agus chun na sráideanna a ghlasú, agus úsáid á baint as crainn sráide agus as scéimeanna draenála uirbeacha inbhuanaithe (SUDanna).

De réir mar a fhorbraítear Luas Chorcaí ó Bhealach Roghnaithe go dearadh mionsonraithe, déanfar na spásanna poiblí, na tírdhreacha áitiúla, na rotharbhealaí, na háiteanna agus na ceangail go léir a fhorbairt agus a chomhtháthú leis an scéim.

Deiseanna agus Dúshláin

D’fhéadfadh saincheisteanna teacht aníos ina measc siúd a ndéantar difear díreach dóibh trí bhonneagar poiblí cosúil le Luas Chorcaí a sholáthar. Táimid tiomanta do phróiseas bríoch agus leanúnach comhairliúcháin agus d’idirchaidreamh a dhéanamh le gach duine a ndéanann an togra seo difear dóibh. Cabhróidh d’aiseolas linn tuiscint níos fearr a fháil ar roinnt de na saincheisteanna agus na dúshláin atá romhainn.

Bainistíocht tráchta

Beidh tionchar ag Luas Chorcaí ar shruthanna tráchta i rith na tógála agus an oibrithe. Tá pleanáil ar conas an trácht seo a bhainistiú mar chuid dár bpróiseas comhairliúcháin agus forbrófar an phleanáil sin i gcomhthráth leis an dearadh. Coimeádfaimid gach páirtí leasmhar ar an eolas ag gach céim den dearadh, a fhad le próiseas an Ordaithe Iarnróid, ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu.

 

Fáil réadmhaoine

Teastóidh ón mbealach atá molta go ndéanfar roinnt talamh phríobháideach a fháil. Tá TII tiomanta do chinntiú go mbainistítear aon talamh a fhaightear ar bhealach cothrom agus cóir. Tá an scéim ag céim roghnúcháin an bhealaigh faoi láthair agus níl na riachtanais chruinne maidir le tógáil talún sainithe go fóill. Leanfaimid le teagmháil a dhéanamh le húinéirí talún agus le tionóntaí le linn an phróisis dearaidh.

Tionchair Timpeallachta

Le linn an phróisis forbartha dearaidh, oibreoimid chun tionchair ar an timpeallacht a sheachaint agus a laghdú agus déanfaimid iarracht cuir chuige nuálacha a ghlacadh maidir le conas a dhearfaimid agus a thógfaimid an scéim. Beidh prionsabail na hinbhuanaitheachta, lena n-áirítear mar shampla iad siúd a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, le hábhair ísealcharbóin agus le bithéagsúlacht, ina gcuid den phróiseas dearaidh.

Oidhreacht chultúrtha

Mar a bhíonn i gceist le tionscadal tógála ar bith, d’fhéadfadh Luas Chorcaí tionchar a bheith aige ar oidhreacht chultúrtha. Déanfaimid iarracht gach tionchar eamhriachtanach ar láithreacha tábhachtacha a sheachaint. Bainfear é seo amach trí dhearadh cúramach, an próiseas Measúnachta Tionchair Timpeallachta agus trí dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara uile ábhartha. Oibrítear TII faoi Chód Cleachtais leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina léirítear ár dtiomantas don acmhainn seo a chosaint go cuí.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Tabhair do Thuairim

Beidh do chuid eolais áitiúil ina chuidiú linn an scéim a fheabhsú agus chun a chinntiú go n-éireoidh léi ar mhaithe leatsa agus leis na pobail ar a bhfreastalóidh an bealach. Seo do dheis chun do thuairim a nochtadh faoin mbealach atá molta.

Seoladh poist

Luas Chorcaí, Bonneagar Iompair Éireann, Bosca Oifige Poist 13605, An tOileán Beag, Corcaigh

info@luascork.ie

 

Tabhair do thuairim

Is féidir leat d’iontráil a dhéanamh ar ardán chomhairliúcháin TII anseo.

Fón

1800 777 321

Bíonn ár líne ghutháin ar oscailt 24 uair an chloig sa lá le haghaidh do theachtaireachtaí. Tá sé mar aidhm againn do ghlao a fhreagairt idir 9:30rn agus 5in an chéad lá oibre eile.

 

Ar mhaithe le heispéireas oscailte agus trédhearcach comhairliúcháin a chur ar fáil, foilseofar gach aighneacht, ainmneacha iad siúd a dhéanann iad san áireamh, ar líne a luaithe a dhéanfaidh foireann Luas Chorcaí iad a athbhreithniú agus a phróiseáil.

Nuair a dhúnfar an comhairliúchán, déanfaimid do chuid aighneachtaí a athbhreithniú agus foilseoimid tuarascáil ar an gcomhairliúchán.

Le sonraí iomlána ár mbeartais modhnóireachta, ár mbeartais príobháideachais, agus na téarmaí agus coinníollacha uile eile a léamh, téigh go dtí féach anseo.

Íoslódálacha

PDF of Luas Cork Brochure

Luas Cork Brochure

Luas Cork book 1 - Ballincollig Area Download

Book 1 - Ballincollig Area

Book 2 - Cork City West Area

Book 2 - Cork City West Area

Book 3 - Cork City Centre Area Download

Book 3 - Cork City Centre Area

Image of Luas Cork Maps

Book 4 - Cork City East Area

Download a submission form

Download A Submission Form

High definition image of the Luas Cork Proposed Route Map

Route Map

Luas Cork Post Consultation Report

Post Consultation Report

Preferred Route Options Report

Preferred Route Options Report

Bí i dTeagmháil

Tríd an bPost   bPost Luas Chorcaí, Bonneagar Iompair Éireann, Bosca Oifige Poist 13605, An tOileán Beag, Corcaigh

Ríomhphost  info@luascork.ie

Teileafón 1800 777 321

Tá ár líne theileafóin ar oscailt 24 uair an chloig sa lá. Má fhágann tú teachtaireacht, beidh sé d’aidhm againn glaoch ar ais ort idir 9:30am agus 5pm an chéad lá oibre eile.